Saturday, January 19, 2008

Cinneadh teanga le déanamh ag pobal oileáin

Here's a long-overdue translation opportunity. See the comments for a short word list to start you off on the first few paragraphs (below -- the rest of the article is at http://www.nuacht.com/ ).
Cinneadh teanga le déanamh ag pobal oileáin
- 01/18/2008
Concubhar Ó Liatháin
Ní pobal Chorca Dhuibhne amháin atá ag plé teanga theagaisc san iarbhunscoil áitiúil faoi láthair nó tá tús curtha le suirbhé teanga ar oileán i nGaeltacht Thír Chonaill ó thús na seachtaine seo.
Tá Coiste Gairmoideachais an chontae ag iarraidh a fháil amach an bhfuil pobal an oileáin ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar theanga theagaisc arís i nGairmscoil Mhic Dhiarmuda ar Árainn Mhór.
Cuireadh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga theagaisc ag an Ghairmscoil in 2001 tar éis go ndearnadh suirbhé i measc tuismitheoirí an oileáin. Ag an uair sin, áfach, ní raibh an Ghaeilge in úsáid mar theanga theagaisc le roinnt blianta agus bhí fonn ar an Choiste Gairmoideachais roinnt airgid a shábháil nó bíonn liúntas breise le híoc le múinteoirí a mhúineann trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

1 comment:

Máire said...

áitiúil - local
cinneadh - determination, findings
coiste - committee
cuir - put
cur deireadh le – to end
cur tús le – to begin
fáil amach – find out
faoi láthair – at present
fonn – desire, inclination
gairmoideachas – vocational education
iarbhunscoil – post-primary school
iarr – ask; attempt
íoc - pay
liúntas breise - additional allowance
ní...amháin – not only ...
(ag) plé – discuss(ing)
pobal – people, community
roinnt – some, a number of
sábháil – save; secure
suirbhé - survey
teagasc – teaching, instruction
tús - beginning