Sunday, December 11, 2011

An Grinch ar Ghoid na Nollag

A version of The Grinch Who Stole Christmas, adapted for the Irish for Máire's Meánrang Gaeilge, 2011.

Baineadh sult as an Nollaig i mbaile na Who,
Ach théadh an Grinch thar an tséasur gan fiú.

Bhí an ghráin ag an nGrinch ar an Nollaig, fadó.
Bhí a chroíse chomh fuar agus róbheag faoi dhó.

"Caithfidh mé stop a chur uirthi go deo!"

Níor mhaith leis an torann, ná bréagáin na féile,
Síor-canadh is casadh is 'chuile shórt eile.

"Gread leis an gcallán is guthanna caola!
Curfaidh mé scrios ar a mbuac na teile!"

Go tobann ansin, chum seisean a bheart.
Foirfe go holc, is go foirfe mícheart.

Shleamhnaigh sé síos isteach ina dtithe,
Idir gach uile Who, ag codladh sa luí.
'Chuile Who-leanbh sa leaba theolaí.

Ghoid sé na bronntanais sactha sna stocaí,
Féiríní beaga 's crainn mhóra fhlocaithe;

Gach mír den bhia is gach naipcín gréasta;
Thóg seisean uatha fiú rósta an fhéasta.

Ach tugadh faoi deara an gadaí ag Who,
Páiste amháin, tugtar léi Cindy Lou.

"Cé thusa ansin? Cén fáth ' bhfuil tú ann?
Céard atá tú ag déanamh anois lenár gcrann?"

"Cuirfidh mé caoi ar bholgán amháin.
Sin í an chúis a tháinig mé ann.
Agus beidh mé ar ais le bhur stuif agus crann.
Mar sin, téigh a luí, agus ná bí ag stán'."

Ansin chuig a chluas, bhí fuaim ag teacht.
Glortha ag séideadh go soléir is beacht.

Ach ní raibh siad brónach ar bith, nó go dona.
Ba é ceol lán d'armóin agus mothú an-sona.

Cé go ndearna sé cinnte a dhícheall beag scallta,
Baineadh tada amach ansin, go ginearalta.

Tháinig an Nollaig in ainneoin a iarrachta.
Bhí na Whos fós ag ceiliúradh in aghaidh a choireachta.

"B'fhéidir nach bhfuil as na siopaí an bhrí,
Ach maireann an Nollaig anseo inár gcroíthe!"

D'fhoghlaim an Grinch gur an meon an ní 's deise.
Bíonn rudaí go deas, ach níl siad ach breise.

Tháinig an mothú isteach ina chroí,
Agus maireann sé beo ansin ceart i gconaí.

Mar a d'fhás a chroí féin an lá maith sin faoi thrí.
Agus maireann sé beo ansin ceart i gconaí!!