Friday, September 28, 2007

Fág Nuacht TG4 sa Ghaeltacht

This piece has apparently aged off of Lá Nua's system (oops - where's my time machine?) but I'll put it up here anyways. See the comments for a short word list to start you off.
http://www.nuacht.com/
Fág Nuacht TG4 sa Ghaeltacht - 09/11/2007
Concubhar Ó Liatháin
Tá sé ráite ag an Aire a shínigh an t-ordu a bhunaigh TnaG in 1996 nár mhaith leis ar chor ar bith go mbogfaí an tseirbhís nuachta ó Bhaile na hAbhann go Cathair na Gaillimhe.
Dar leis an Teachta Dála, Micheál D. Ó hUiginn, gurbh fhearr i bhfad an tseirbhís a bheadh le fáil dá bhfanfadh sé mar atá sé ag ceanncheathru TG4.
“Is é sin an mhian a bhí agam ag an tús agus níl aon athrú tagtha ar mo sheasamh ar an cheist ó shin,” arsa an Teachta Ó hUiginn le Lá Nua, inné. Dhearbhaigh sé go raibh díospóireacht ann ar an cheist seo nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996 ach gur sheas sé an fód ar cheist shuíomh an tseirbhís nuachta.
Ó thuairiscigh Lá Nua an scéal seo den chéad uair, an tseachtain seo caite, tá RTÉ ina dtost faoi.
Tuigtear don nuachtán anois, áfach, go raibh an cheist le plé ag cruinniú de choiste feidhmiúcháin RTÉ, aréir nó maidin inniu.
Ag an phointe seo, ceaptar nach ndéanfar aon chinneadh ar an mholadh seirbhís nuachta TG4 a bhogadh go Gaillimh go ceann coicíse.

2 comments:

Máire said...

bog - soften; move (-faí/-fí - Type I "would ___")
bunaigh - found, establish
ceanncheathrú - headquarters
dar le - according to ___, it seems to ____
dearbhaigh - declare; assure
díospóireacht - debate, discussion
fág - leave (something)
fan - stay, wait, remain
(an) fód a sheasamh - to stand one's ground
gurbh fhearr - here, the conditional of gur fearr
i bhfad - far
le fáil - to be found
nár mhaith - here, the past tense of nach maith
nuacht - news
ráite - said
seirbhís - service
sínigh - sign (a letter, a contract)

Will Kenny said...

there was some hullabaloo in Foinse about this recently, as well (on paper, their web site isn't maintained terribly reliably)