Monday, November 5, 2007

Corn idir dhá sháile

(Nov 5, 2007)
http://www.nuacht.com/index.tvt?_ticket=R1LS3909CHVR6JL1HONDNOZE9LLDNVP5TRRIVQNAHOUEGLNFGJVFURUQ4YZ9ANWRALKACJ5HWQRFK1QP9NTGNZX9CHUT6ZQFIQ0NLMTEDWFSPGSGX4SJHONDLHG09LLDPGSG03QFIUO9ANWP2F8&_scope=La/Content/Nuacht&id=6566&_page=&psv=20
Bhí an lá agus an oíche le Micheál Ó Confhaola, ó Mhuiceanach Idir Dhá Sháile, nuair a chuir sé moltóirí Chorn Uí Riada faoi dhraíocht lena leagan de Chontae Mhaigh Eo agus ar athghlaoch le leagan de Pheigín Audley.
Beirt bhan a bhí sna sála ar an Chonfhaolach, duine de shliocht cheolmhar Ghriallais. Máire Ní Cheilleachair ó Mhusgraí, agus Máirín Ní Chéide a bhain an Corn sna 80í agus atá anois ina cónaí in Dorchester, Massachussetts a chríochnaigh sa dara agus sa tríú háit faoi seach.
Tá príomhghradam cheoil na Gaeilge anois chun an bhaile leis agus deireadh curtha le hOireachtas na Samhna go ceann bliana eile.
Bhí iomaíocht ghéar ann i mbliana, mar a bhíonn gach uile bhliain, agus daoine ó na ceithre hairde san iomaíocht, agus jab oibre le déanamh ag Áine Ní Cheallaogh, ag Séamus Ó Dubhthaigh agus ag Seosaimhín Ní Bheaglaíoch, na moltóirí.
Bhí Club na Féile ar fheabhas, agus céilí ar siúl, agus daoine ó cheithre chúige na hÉireann agus taobh amuigh de sin, idir óg agus aosta, ag baint suilt as an fhéile iomlán. Is cinnte, bliain i ndiaidh bliana go bhfuil an tOireachtas ag leagan síos spriocanna agus sláit thomhais, a éiríonn leo sarú, agus go bhfuil ceoltóir den scoth aimsithe le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann i gComórtas Ceoil Cheilteach sa bhFéile Phan-Cheilteach ar an bhliain seo chugainn.

1 comment:

Máire said...

Can anyone point me to the sean-nós dancing results? Am I overlooking them? My connection to TG4 kicked out midway through the live broadcast (when I should have been concentrating on my homework, anyway), and so I went to watch the rest the next day...only to discover that the file ended before all the winner's names were read!