Showing posts with label As Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label As Gaeilge. Show all posts

Tuesday, June 11, 2013

"Solas le fáil sa dorchadas ag Trekkies"

Oh, Irish, just when I think I might finally slip away, you find a way to pull me back in.

Solas le fáil sa dorchadas ag Trekkies
http://www.irishtimes.com/culture/treibh/solas-le-fáil-sa-dorchadas-ag-trekkies-1.1394090
le Robbi Mac Maoláin / by Robert McMillen, May 15 2013

“Ní Cumberbitseach nó Cnó Péine mé ach an tseachtain seo caite, chuaigh mé go muiníneach go háit nach ndeachaigh mé riamh roimhe, go scannán Star Trek.”

More at IrishTimes.com.

Honestly, I saw this yesterday and I’m still laughing. Cumberbitseach. Today…today you win, Irish.

Saturday, February 9, 2013

First the bad news


Deireadh leis an nuachtán Gaelscéal
Galway Advertiser via Gaelport.com
7 Feabhra 2013

Cuirfear críoch le foilsiú an nuachtán Gaelscéal ag deireadh mhí an Mhárta.

Tháinig an scéal seo aniar aduaidh ar phobal na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite, nuair a fógraíodh go raibh Foras na Gaeilge ag cur deireadh leis an maoiniú a bhí á gcur ar fáil do Thorann na dTonn, an comhlacht a bhí i mbun an nuachtáin.

More at Gaelport.com


Foras na Gaeilge le críoch a chur le maoiniú Gaelscéal
Irish Times via Gaelport.com
6 Feabhra 2013

D’fhógair Foras na Gaeilge Dé hAoine go raibh siad le deireadh a chur le maoiniú an nuachtáin, Gaelscéal. Tá an foras le héirí as an chonradh a bhí acu leis an chomhlacht Torann na dTonn leis an nuachtán a fhoilsiú.

‘Luach ar airgead’

I ráiteas a d’eisigh an foras, dúradh gur “i gcomhthéacs luach ar airgead” a tógadh an cinneadh ag cruinniú dá mbord ar 25ú Eanáir.

Dúradh sa ráiteas gur léirigh cinneadh an bhoird “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

Dhéanfaí staidéar ar riachtanais agus ar mhianta phobal léitheoireachta na Gaeilge sula ndéanfaí an cinneadh sin, a dúirt sé.

More at Gaelport.com

Sunday, December 11, 2011

An Grinch ar Ghoid na Nollag

A version of The Grinch Who Stole Christmas, adapted for the Irish for Máire's Meánrang Gaeilge, 2011.

Baineadh sult as an Nollaig i mbaile na Who,
Ach théadh an Grinch thar an tséasur gan fiú.

Bhí an ghráin ag an nGrinch ar an Nollaig, fadó.
Bhí a chroíse chomh fuar agus róbheag faoi dhó.

"Caithfidh mé stop a chur uirthi go deo!"

Níor mhaith leis an torann, ná bréagáin na féile,
Síor-canadh is casadh is 'chuile shórt eile.

"Gread leis an gcallán is guthanna caola!
Curfaidh mé scrios ar a mbuac na teile!"

Go tobann ansin, chum seisean a bheart.
Foirfe go holc, is go foirfe mícheart.

Shleamhnaigh sé síos isteach ina dtithe,
Idir gach uile Who, ag codladh sa luí.
'Chuile Who-leanbh sa leaba theolaí.

Ghoid sé na bronntanais sactha sna stocaí,
Féiríní beaga 's crainn mhóra fhlocaithe;

Gach mír den bhia is gach naipcín gréasta;
Thóg seisean uatha fiú rósta an fhéasta.

Ach tugadh faoi deara an gadaí ag Who,
Páiste amháin, tugtar léi Cindy Lou.

"Cé thusa ansin? Cén fáth ' bhfuil tú ann?
Céard atá tú ag déanamh anois lenár gcrann?"

"Cuirfidh mé caoi ar bholgán amháin.
Sin í an chúis a tháinig mé ann.
Agus beidh mé ar ais le bhur stuif agus crann.
Mar sin, téigh a luí, agus ná bí ag stán'."

Ansin chuig a chluas, bhí fuaim ag teacht.
Glortha ag séideadh go soléir is beacht.

Ach ní raibh siad brónach ar bith, nó go dona.
Ba é ceol lán d'armóin agus mothú an-sona.

Cé go ndearna sé cinnte a dhícheall beag scallta,
Baineadh tada amach ansin, go ginearalta.

Tháinig an Nollaig in ainneoin a iarrachta.
Bhí na Whos fós ag ceiliúradh in aghaidh a choireachta.

"B'fhéidir nach bhfuil as na siopaí an bhrí,
Ach maireann an Nollaig anseo inár gcroíthe!"

D'fhoghlaim an Grinch gur an meon an ní 's deise.
Bíonn rudaí go deas, ach níl siad ach breise.

Tháinig an mothú isteach ina chroí,
Agus maireann sé beo ansin ceart i gconaí.

Mar a d'fhás a chroí féin an lá maith sin faoi thrí.
Agus maireann sé beo ansin ceart i gconaí!!

Saturday, June 11, 2011

Coláiste Lurgan

Tá níos mó ná cupla scoil thumoideachais Ghaeilge ar fáil in Éirinn. Thug mé cheann amháin faoi dheara go háirithe, darbh ainm Coláiste Lurgan. Tá sí suite i gCois Fharraige- Indreabhán, Contae na Gaillimhe, go sonrach. Tharraing an cheann seo m'umhail uirthi, mar gheall ar an oiread seo ábhair atá saothraithe acu ar an idirlíon.

There are more than a couple Irish language immersion schools to be found in Ireland. I noticed one in particular, by the name of Lurgan College. It's located in Cois Fharraige, Specifically, Inveran, County Galway. It caught my eye because of the shear amount of internet presence they've done well to cultivate.

This is Irish as it lives and grows.

Tá trí shuíomh YouTube acu:

Lurgan

Lurgan Inniu - Lá sa gColáiste

Abair Leat - Teanglann ar Líne

..agus leathanach Facebook chomh maith:


Seo í an Ghaeilge mar a mhaireann is a fhasann sí sa lá atá inniu ann.

Seo cupla sampla de na físeáin ar fáil acu:

Ceol: Sé amhrán le Chéile



Abair Leat!- Céard atá uait?‬

Sunday, March 2, 2008

Seachtain na Gaeilge 2008

In honor of Seachtain na Gaeilge 2008 (3-17 Márta), your very-long-overdue translation opportunity is the first paragraph from the "Nuacht" page on the web site. (Yes I'm including the link to the English page too, but do yourself a favor and at least work through the first paragraph before you go looking.) See the comments for a short word list to start you off -- click on the title of this post and you get to see everything all at once.
Leagan Gaeilge -- http://www.snag.ie/sceal6.htm
English version -- http://www.snag.ie/sceal6_eng.htm
Cad atá i gceist le Seachtain na Gaeilge?
Is eagraíocht neamhbhrabúsach í Seachtain na Gaeilge a spreagann an Ghaeilge sa bhaile agus i gcéin i rith féile coicíse gach Márta. Is é mana na féile “Croí na Teanga – It’s You!” chun a léiriú go bhfuil gach éinne, cibé aois atá acu nó cibé tír ina gcónaíonn siad, lárnach in athbheochan na Gaeilge. Tosaíodh an fhéile go luath sa 20ú haois nuair a mheas Conradh na Gaeilge go raibh gá le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig, agus ar chultúr agus teanga na hÉireann. Sa lá atá inniu ann, níos mó ná céad bliain níos déanaí, tá sí tar éis méadú go mór agus anois ’sí Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn in Éirinn gach bliain. Scaipeadh muintir na hÉireann ar fud an domhain thar na blianta, ach choinníodar craic na tíre ina gcroíthe agus is í Seachtain na Gaeilge an tréimhse is fearr chun deis a thabhairt dóibh a mbród a chur in iúl. Ach ní hiad siúd amháin a bhíonn páirteach sa tSeachtain, tá daoine trasna na hEorpa agus timpeall Mheiriceá ag labhairt cúpla focal nó ag foghlaim Ballaí Luimnigh, chomh maith.

Saturday, January 19, 2008

Cinneadh teanga le déanamh ag pobal oileáin

Here's a long-overdue translation opportunity. See the comments for a short word list to start you off on the first few paragraphs (below -- the rest of the article is at http://www.nuacht.com/ ).
Cinneadh teanga le déanamh ag pobal oileáin
- 01/18/2008
Concubhar Ó Liatháin
Ní pobal Chorca Dhuibhne amháin atá ag plé teanga theagaisc san iarbhunscoil áitiúil faoi láthair nó tá tús curtha le suirbhé teanga ar oileán i nGaeltacht Thír Chonaill ó thús na seachtaine seo.
Tá Coiste Gairmoideachais an chontae ag iarraidh a fháil amach an bhfuil pobal an oileáin ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar theanga theagaisc arís i nGairmscoil Mhic Dhiarmuda ar Árainn Mhór.
Cuireadh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga theagaisc ag an Ghairmscoil in 2001 tar éis go ndearnadh suirbhé i measc tuismitheoirí an oileáin. Ag an uair sin, áfach, ní raibh an Ghaeilge in úsáid mar theanga theagaisc le roinnt blianta agus bhí fonn ar an Choiste Gairmoideachais roinnt airgid a shábháil nó bíonn liúntas breise le híoc le múinteoirí a mhúineann trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tuesday, January 15, 2008

Items of possible interest on YouTube

.
Here's the Kings trailer, courtesy of YouTube. (And GRMA to my student Mark, who mentioned that it was there!)

And here's the Carlsberg commercial, which came up in the news a while back. I think all but really newish students might get a smile out of it....

Friday, September 28, 2007

Fág Nuacht TG4 sa Ghaeltacht

This piece has apparently aged off of Lá Nua's system (oops - where's my time machine?) but I'll put it up here anyways. See the comments for a short word list to start you off.
http://www.nuacht.com/
Fág Nuacht TG4 sa Ghaeltacht - 09/11/2007
Concubhar Ó Liatháin
Tá sé ráite ag an Aire a shínigh an t-ordu a bhunaigh TnaG in 1996 nár mhaith leis ar chor ar bith go mbogfaí an tseirbhís nuachta ó Bhaile na hAbhann go Cathair na Gaillimhe.
Dar leis an Teachta Dála, Micheál D. Ó hUiginn, gurbh fhearr i bhfad an tseirbhís a bheadh le fáil dá bhfanfadh sé mar atá sé ag ceanncheathru TG4.
“Is é sin an mhian a bhí agam ag an tús agus níl aon athrú tagtha ar mo sheasamh ar an cheist ó shin,” arsa an Teachta Ó hUiginn le Lá Nua, inné. Dhearbhaigh sé go raibh díospóireacht ann ar an cheist seo nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996 ach gur sheas sé an fód ar cheist shuíomh an tseirbhís nuachta.
Ó thuairiscigh Lá Nua an scéal seo den chéad uair, an tseachtain seo caite, tá RTÉ ina dtost faoi.
Tuigtear don nuachtán anois, áfach, go raibh an cheist le plé ag cruinniú de choiste feidhmiúcháin RTÉ, aréir nó maidin inniu.
Ag an phointe seo, ceaptar nach ndéanfar aon chinneadh ar an mholadh seirbhís nuachta TG4 a bhogadh go Gaillimh go ceann coicíse.

Thursday, July 19, 2007

Dalai Lama ar cuairt i gCathair Dhoire

Dalai Lama ar cuairt i gCathair Dhoire (July 19 2007)
from
http://www.nuacht.com/ and then some
"Bhí an 14ú Dalai Lama i nDoire le dhá lá le comóradh a dhéanamh le heagraíocht charthanach as an chathair.
"Ag caint dó ag preas-ócáid i Halla na Cathrach, dúirt sé go raibh gá le bogadh amach as meon an 20ú céad agus bogadh ar aghaidh go dtí meon nua síochánta sa 21ú céad.
"Bhí sé i nDoire cionn is go bhfuair sé cuireadh chuig comóradh 10 mbliana den eagraíocht Children in Crossfire a bhunaigh Richard Moore as Doire."

See the comments for a short word list to start you off.

Sunday, July 8, 2007

Idir chlábar is cheol ag Oxegen 07

Idir chlábar is cheol ag Oxegen 07 (July 6, 2007)
from http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Nuacht&id=4252&psv=1
“'Níl aon rud rómánsúil faoi chlábar!' Sin an méid a bhí le rá ag cara de mo chuid a bhí thall ag
Glastonbury, coicís ó shin.
Ainneoin na ngrianghrafanna de dhaoine óga i mbun scléipe is iad
fliuch báite agus clúdaithe i láib ag féilte ceoil ar fud na cruinne, dheimhnigh mo chara liom nach
raibh ann ach iarracht an dubh a chur ina gheal chun dea-scéal a chothú as praiseach, agus nach
ndearna an bháisteach aon rud eile seachas drochghiúmar a chur ar gach aon duine."

Gan dabht my favorite word in this article is "DJanna," but view the comments for some others that might come in handy for reading. Because of the grammatical constructions and length of some of the clauses, I'd roughly estimate this to be at intermediate-level.

Saturday, July 7, 2007

Youtube Irish

An Irish girl vlogging about Irish. She spells a couple words wrong now and again, but who am I to say. She's the one who's Irish.
Jessica on Youtube

Thanks to Guy for the hinweise.

Tragóid ón aer

Tragóid ón aer (July 6, 2007)
from http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Nuacht&id=4254&psv=1

"Tuairiscítear go bhfuil ar a laghad beirt marbh agus ceathrar eile gortaithe go dona i ndiaidh timpiste eitleáin ag Aerfort na Minna in Indreabhán, Cois Fharraige, inné."

Cúpla focal:
aer - air;
ar a laghad - at least; ar fáil - available, alive; beirt - two people; ceathrar - four people; cé go... - although; ceist - question; chuig - to, toward; clólann - printing works, press; comhlacht - company, firm; eitilt - flight; eitleán - airplane; gortaithe - hurt, injured; i ndiaidh - after; is cosúil go...- it appears that...; ochtar - eight people; oileán - island; ón - ó + an; sonra - detail; timpiste - accident; tragóid - tragedy; tuairiscítear - it is reported;
úsáideann - (they) use, (it) uses

Tuesday, July 3, 2007

Cainéal digiteach Gàidhlig le seoladh

Cainéal digiteach Gàidhlig le seoladh faoi mhí an Mhárta 2008 (3ú Iúil 2007)
from http://www.nuacht.com/home.tvt?_scope=La/Content/Nuacht&id=4191&psv=1
Cúpla focal:
Albain - Scotland; cainéal - channel; freastal - service; Gaeilge na hAlban - Scots Gaelic; Gàidhlig - Scots Gaelic (in ScG); Márta - March; pobal - people, community; seirbheis - service (ScG); seirbhís - service (IrG); seoladh - send, sail, direct,...launch; stáisiún - station