Saturday, February 9, 2013

First the bad news


Deireadh leis an nuachtán Gaelscéal
Galway Advertiser via Gaelport.com
7 Feabhra 2013

Cuirfear críoch le foilsiú an nuachtán Gaelscéal ag deireadh mhí an Mhárta.

Tháinig an scéal seo aniar aduaidh ar phobal na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite, nuair a fógraíodh go raibh Foras na Gaeilge ag cur deireadh leis an maoiniú a bhí á gcur ar fáil do Thorann na dTonn, an comhlacht a bhí i mbun an nuachtáin.

More at Gaelport.com


Foras na Gaeilge le críoch a chur le maoiniú Gaelscéal
Irish Times via Gaelport.com
6 Feabhra 2013

D’fhógair Foras na Gaeilge Dé hAoine go raibh siad le deireadh a chur le maoiniú an nuachtáin, Gaelscéal. Tá an foras le héirí as an chonradh a bhí acu leis an chomhlacht Torann na dTonn leis an nuachtán a fhoilsiú.

‘Luach ar airgead’

I ráiteas a d’eisigh an foras, dúradh gur “i gcomhthéacs luach ar airgead” a tógadh an cinneadh ag cruinniú dá mbord ar 25ú Eanáir.

Dúradh sa ráiteas gur léirigh cinneadh an bhoird “nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

Dhéanfaí staidéar ar riachtanais agus ar mhianta phobal léitheoireachta na Gaeilge sula ndéanfaí an cinneadh sin, a dúirt sé.

More at Gaelport.com

No comments: