Thursday, January 3, 2013

An Béal Bocht ar fáil mar leagan grafach

More catching-up....

An Béal Bocht ar fáil mar leagan grafach
Gaelport.com, Dec 11 2012
http://www.gaelport.com/nuacht/An-Beal-Bocht-ar-fail-mar-leagan-grafach/

Seoladh leagan grafach den mhórshaothar clasaiceach ‘An Béal Bocht’ le Myles na gCopaleen an tseachtain seo caite agus é ar fáil díreach in am don Nollaig!

Is é Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo) a chóirigh, Breandán Ó Conaire a chuir in eagar, agus John McCloskey a mhaisigh an leabhar álainn seo atá ar fáil anois ar www.leabhar.ie   ar an bpraghas íseal de €12 le haghaidh cóip bhog agus €20 do chóip chrua.

Foilsíodh An Béal Bocht den chéad uair sa bhliain 1941 agus Myles na gCopaleen a d’úsáid Flann O’Brien mar ainm cleite air. Déanann an t-úrscéal cur síos magúil agus searbhasach ar chás na nGael ag tús na haoise nua, ag tagairt do shaothair ar nós ‘ An tOileánach’ le Tomás Ó Criomhthain agus ‘Peig’ le Peig Sayers, úrscéalta a bhfuil cáil orthu de bharr na síorchainte ar dheacracht an tsaoil sa Ghaeltacht.

Samplaí anseo.

No comments: